Blog

“Go raibh maith agaibh” Gaelscoil Phort Láirge ón Solas Cancer Support Centre

Tá Ionad Tacaíochta Ailse Solas ana bhuíoch de Gaelscoil Phort Láirge i mBaile Mhic Guinear, de bhárr bronntanas atá tagtha chuchu ó buachaillaí agus cailíní Rang a Cúig agus a Sé ansin.

Roimh na Nollag, fé stiúr múinteoir Ciara Ní Chonchubhair, d’eagraigh buachaillaí agus cailíní Rang a Sé ocáid díolacháin earraí sa scoil. Fuireadar cabhair ó dhaltaí Rang a Cúig agus a múinteoir Adam Ó Domhnaill ins an réiteach agus chun an lá a chur i gcrích sa Ghaelscoil.

Is ar mhaithe le obair carthannachta san Aifric, go príomhdha, a bhí an t-airgead a deineadh as an lá. Gnóthaíodh sprioc sa mhéid sin agus fágadh fé Rang a Sé an cinneadh a dhéanamh maidir le cúis a phiocadh chun aon faoileach proifíd d’fháil. Moladh, d’aon ghuth, Ionad Solas maidir leis an €600 a bhí i gceist.

Thug Fiachra Ó Céilleachair cúirt ar an nGaelscoil an tseachtain seo caite, thar ceann Bórd Stiúrtha Ionad Tacaíochta Ailse Solas, chun glacadh leis an seic. Ag labhairt dó anna r an lá, dúirt Fiachra:

“Bhí riméid orm nuair a chuala mé ó mo mhac Ruán, dalta in Rang a Sé é féin agus eolas mhaith aige ar dea-íomhá Solas, go raibh an bronnadh seo le tárlú. Seirbhísí saor in aisce ata á gcur ar fáil don pobal ag Solas i bPort Láirge agus i nDún Garbhán. Ar ndóigh, focal Gaelainne isea Solas. Ní bheifí in ann, áfach, an solas úd a thabairt – obair thábhachtach tacaíochta– gan an cabhair leanúnach a thagann ón pobal féin ina threo.”

“Is léir go bhfuil eolas ag páistí Rang a Cúig agus a Sé ar an Solas Centre agus bhí ana chuid acu páirteach lena gclann ins an “Run and Walk for Life” ar shráideanna cathair Phort Láirge an Deireadh Fomhair seo caite. Freastalaíonn seirbhísí an Solas Centre ar an clan go léir agus tá caidreamh láidir againn le scoileanna i bPort Láirge. Is iontach linn go bhfuil daoine óga, a bheidh mar cuid den todhchaí sa phobal mórthimpeall, ag cur eolas orainn mar áis ina gceantair.”

“Traoslaím le múinteoir Ciara agus an fhoireann ar fad i nGaelscaoil Phort Láirge as ucht an léargas pobail atá léir sa scoil. Is mór leis an Solas Centre go bhfuil an obair atá ar siúl acu ar intinn sa mhéid sin. Mol an óige agus tiocfaidh sí a deirtear, agus táimíd ana bhuíoch de bhuachaillaí agus cailíní Gaelscoil Phort Láirge – agus a gcuid clainne – don mbronntanas seo.”

Photo Caption:

Pictured at Gaelscoil Phort Láirge in Ballygunner, Waterford were the boys and girls of Rang 5 & 6 and their teacher Ciara Ní Chonchubhair presenting a cheque of €600 – part of the profits from a recent Sale of Works/Items at the school – to the Solas Cancer Support Centre, represented by Board member Fiachra Ó Céilleachair